Scoláireachtaí Gaeltachta do Dhéagóirí, 2024
Spriocdháta: 23 Feabhra 2024
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil dhá pháirtscoláireacht againn i mbliana le bronnadh ar bheirt dhéagóirí do chúrsaí Gaeltachta a bheas ar siúl i rith an tsamhraidh i 2024. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.
Scoláireachtaí Gaeltachta do Dhaoine Fásta, 2024
Spriocdháta: 23 Feabhra 2024
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil ocht bpáirtscoláireacht againn i mbliana le bronnadh ar ochtar daoine fásta do chúrsaí Gaeltachta a bheas ar siúl i 2024. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.
Seisiún Ceoil Oscailte
Dé Domhnaigh 18 Feabhra ag 13.00
Buail isteach idir 13.00 agus 14.00 chun cúpla port a sheinm, amhrán a chanadh, nó chun cupán caife a fháil agus éisteacht leis an gceol!
Ranganna Aireachais do Dhaoine Fásta
Ag tosú Déardaoin 1 Feabhra ag 19.00
Cuirfear tús le cúrsa 4 seachtaine de ranganna aireachais Déardaoin 1 Feabhra ag a 19.00. Beidh na ranganna seo á múineadh ag Katie McGreal i Scoil Shéamais Naofa, Bearna. Beidh na ranganna á reáchtáil go dátheangach mar sin tá siad feiliúnach d’fhoghlaimeoirí Gaeilge.
Tá costas €40 ar an gcúrsa 4 seachtaine ach tá lascaine ar fáil, urraithe ag Gaeilge ABC, má chuireann tú an rang in áirithe trí Ghaeilge. Is féidir tuilleadh eolais a fháil nó an rang a chur in áirithe anseo.
Caife agus Comhrá
An Déardaoin deireanach de chuile mhí ag 11.00
Is grúpa cairdiúil agus fáilteach é an ciorcal comhrá a bhuailfidh le chéile go míosúil sa gcaifé Súil Eile Space i mBearna chun a gcuid Gaeilge a cleachtadh le chéile. Tá sé oscailte do gach duine - is cuma más foghlaimeoir nó cainteoir líofa tú. Cuirtear béim ar Ghaeilge labhartha sa ngrúpa seo agus ní rang é (níl múinteoir ann!), ach spás chun comhrá a dhéanamh as Gaeilge.
Ciorcal Comhrá Seachtainiúil
Dé hAoine ag 11.00
Buaileann ciorcal comhrá eile le chéile chuile Aoine in Óstán an Chlaí Bháin i gCnoc na Cathrach. Tá an ciorcal comhrá seo oscailte do gach duine - is cuma más foghlaimeoir nó cainteoir líofa tú.
Ciorcal Comhrá
An chéad Chéadaoin de chuile mhí ag 17.00
Cuirfear tús le ciorcal comhrá nua Dé Céadaoin 7 Feabhra sa gcaifé Bia Bearna. Beidh an grúpa ag bualadh lena chéile ag a 17.00 ar an gcéad Chéadaoin de chuile mhí. Tá an grúpa seo oscailte do gach duine - is cuma más foghlaimeoir nó cainteoir líofa tú.
Snámh sa bhFarraige
Grúpa WhatsApp
Tá grúpa WhatsApp nua againn do dhaoine ar mhaith leo bualadh le chéile chun dul ag snámh sa bhfarraige agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh ag an am céanna! Seol teachtaireacht chuig Aoife ag 0851372447 agus cuirfidh sí leis an ngrúpa WhatsApp thú!