top of page

Cé hiad Gaeilge ABC?

Is cuideachta muid atá i gceannas ar an bplean teanga a chur i bhfeidhm i Limistéar Pleanála Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach.

Tá muid ag obair le naíonraí agus le scoileanna, le gnólachtaí, agus le muintir na háite chun úsáid na Gaeilge a neartú i mBearna agus i gCnoc na Cathrach.

Bíonn muid ag eagrú ranganna agus imeachtaí Gaeilge do chuile leibhéal, agus ag cruthú deiseanna duitse do chuid Gaeilge a chleachtadh agus a úsáid.

Coinnigh súil ar ár suíomh agus ar ár meáin shóisialta chun a bheith ar an eolas faoi na ranganna agus na himeachtaí uile atá ar siúl againn!

Cláraigh dár nuachtlitir chun a bheith ar an eolas faoi chuile rud atá ar siúl againn!

Céibh Bhearna.jpg

Gaeilge ABC

Tá Bearna agus Cnoc na Cathrach ar cheann de na 26 Limistéar Pleanála Teanga ar fud na hÉireann. De réir Acht na Gaeltachta 2012, bhí plean teanga le n-ullmhú ag chuile Limistéar Pleanála Teanga, ina leagfaí amach plean chun an Ghaeilge a neartú sa limistéar sin. Is féidir plean teanga Bhearna agus Cnoc na Cathrach a fheiceáil anseo thíos.

bottom of page